Acts 8:40 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd fríth Philib a Nasótus: agus ag dul tríd an dtír dhó do rinne sé an soisgéul do sheanmórughadh do na huile chaithreachaibh, go teachd dhó go Seasáréa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht fríth Pilib i nAsótos: agus ag gluaiseacht tríd na bailtibh dhó, do chraobhscaoil sé an soiscéal dóibh go léir, nó go dtáinig sé go Céasaria.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach fuarthas Pilib agus é in Asótas, agus shiúil sé ar aghaidh leis ag seanmóireacht an tsoiscéil sna bailte móra go dtí gur shroich sé Caesaríá.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig Pilib go hAzótas agus ghluais sé ag fógairt an dea-scéil ar fud na mbailte go léir nó go dtáinig sé go Céasaráia.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tháinig Pilib go hAzótas agus ghluais sé ag fógairt an dea-scéil ar fud na mbailte go léir nó gur tháinig sé go Caesairia.