Acts 8:7 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír do chúadar spíorada neamhghlana, amach as mórán ann a rabhadar, ag éimhghe do ghúth mhór: agus do slánughadh mórán do luchd paireilíse, agus do bhacachaibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir do bhí mórán daoine as a dtáinig spioraidí neamh‐ghlana amach, ag éigheamh go h‐árd: agus do leigheasadh mórán go raibh pairilis ortha, agus do bhí ’n‐a máirtíneachaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar thagadh spridí neamhghlana as coirp móráin ag béiceadh go hard; agus leigheasadh mórán a bhí ina gcláirínigh nó a raibh an phairilis orthu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mórán a raibh deamhain mhíghlana iontu, tháinig na deamhain amach astu agus iad ag screadadh de ghlór ard; agus leigheasadh mórán pairiliseach agus bacach,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mórán a raibh deamhain mhíghlana iontu, tháinig na deamhain amach astu agus iad ag screadach de ghlór ard; agus leigheasadh mórán pairiliseach agus bacach,