Acts 9:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd a dubhairt an Tighearna ris, Imthigh romhad: oír atá sé na shoightheach tóghtha agamsa, chum manma diomchar a bhfiadhnuise na Gcineadhach, agus na ríghtheadh, agus chloinne Israél:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht adubhairt an Tighearna leis, Imthigh leat: óir is soitheach toghtha agam‐sa é, chum m’ainm do bhreith i láthair na nGeinte agus na ríogh, agus do chlainn Israel:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach is é a dúirt an Tiarna leis, “Imigh, mar is soitheach tofa agam féin é le mʼainm a iompar os comhair na nGintlithe agus na ríthe agus os comhair chlann Iosrael;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Gluais leat,» arsa an Tiarna leis, «mar is é sin an duine atá tofa agamsa chun m' ainm a thabhairt i láthair na bpágánach agus na ríthe agus i láthair chlann Iosrael.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Gluais leat,” arsa an Tiarna leis, “mar is é sin an duine atá tofa agam-sa chun mʼainm a thabhairt i láthair na bpágánach agus na ríthe agus i láthair chlann Iosrael.