Acts 9:17 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Dimthigh Ananías ann sinm agus do chúaidh sé a steach don tighsin; agus ar gcur a lámh airsion a dubhairt sé, A Shaúil a dhearbhráthair, an Tighearna, Iósa, do táibhreadh dhuit sa tslighe iona dtáinic tú, do chuir sé misi, chum aisig do radhairc dfagháil duit, agus do bheith líonta don Spiorad Náomh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’imthigh Ananias, agus do chuaidh sé isteach san tigh; agus do chuir sé a lámha air agus adubhairt, A Shaul, a bhráthair, an Tighearna Íosa do thaisbeán é féin duit san tslighe agus tú ag teacht, do chuir sé mise chugat, chum go bhfaightheá do radharc athuair, agus go líonfaidhe thú de’n Spiorad Naomh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar sin dʼimigh Ananias go ndeachaigh isteach chun an tí. Agus leag sé a lámha air agus dúirt sé, “A Sháúl, a bhráthair liom, is é an Tiarna losa, a nocht duit ar do bhealach go dtí seo, a chuir chugat mé ionas go bhfaighe tú amharc do shúl agus go líontar den Spiorad Naomh thú.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' imigh Anainias leis, agus ar dhul isteach sa teach dó leag sé a lámha air, á rá: «A Shóil, a bhráthair, is é an Tiarna a sheol chugat mé an Íosa a thaispeáin é féin duit ar do bhealach anseo chun go mbeadh do radharc arís agat agus go líonfaí den Spiorad Naomh thú.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼimigh Anainias leis, agus ar dhul isteach sa teach dó leag sé a lámha air, dá rá: “A Shóil, a bhráthair, is é an Tiarna a sheol chugat mé–an tÍosa a thaispeáin é féin duit ar do bhealach anseo–chun go mbeadh do radharc arís agat agus go líonfaí den Spiorad Naomh thú.”