Acts 9:21 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do ghabh úathbhás na huile dháoine do chúalaidh é, agus a dubhradar, A né nach é so an té úd do sgrios a Niarusalem an dream do ghuidh an tainmse, agus is chuige tháinic sé ann so, da mbreith ris ceangailte chum na nárdsagart?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí iongnadh mór ar a raibh ag éisteacht leis, agus adubhradar, Nach é seo an té do‐rinne léirscrios i nIarúsalem ortha‐san do ghlaodh ar an ainm sin? agus tháinig sé annso d’aon ghnó chum iad do thabhairt ceangailte i láthair uachtarán na sagart.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bhí iontas ar ar chuala é, agus dúirt siad, “Nach é sin an fear a rinne léirscrios in Iarúsailéim ar an dream a ghlaodh ar an ainm sin? Agus is chuige sin a tháinig sé anseo, le hiad a cheangal agus a thabhairt os comhair na n‑ardsagart.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig alltacht ar a raibh ag éisteacht leis agus deiridís: «Nach é sin an duine a rinne scrios in Iarúsailéim ar a mbíodh ag glaoch ar an ainm sin? Nach é gnó a thug anseo é iad a ghabháil agus a thabhairt ar ais go dtí na hardsagairt?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tháinig alltacht ar a raibh ag éisteacht leis agus deiridís: “Nach é sin an duine a rinne scrios in Iarúsailéim ar a mbíodh ag glaoch ar an ainm sin? Nach é gnó a thug anseo é iad a ghabháil agus a thabhairt ar ais go dtí na hardsagairt?”