Acts 9:26 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar dteachd do Shául go Hiarusalém, do chuir sé roimhe ceangal ris na deisciobluibh: achd do bhí faitcheas ortha uile roimhe, agus níor chreideadar dhó gur dheisciobal é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ar theacht go h‐Iarúsalem dó, d’iarr sé greamú leis na beisceablaibh: agus bhí eagla ortha go léir roimhe, agus ní chreidfidís gur dheisceabal é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a shroich sé Iarúsailéim thug sé iarracht ar dhul i gcuideachta na ndeisceabal; ach bhí eagla orthu uile roimhe, ó nár chreid siad gur dheisceabal é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar theacht dó go Iarúsailéim rinne sé iarracht ar dhul i bpáirt leis na deisceabail ach bhí eagla orthu go léir roimhe mar ní chreidfidís gur dheisceabal é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ar theacht dó go hIarúsailéim rinne sé iarracht ar dhul i bpáirt leis na deisceabail ach bhí eagla orthu go léir roimhe mar ní chreidfidís gur dheisceabal é.