Acts 9:27 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd ar na ghabháil chuige do Bharnabás, rug sé gus na habsdalaibh é, agus dfoillsigh sé dhóibh cionnus do chonnairc sé an Tighearna sa tslighe, agus gur labhaír sé ris, agus cionnas do labhair sé go dána a Ndamascus a nainm Iósa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht do ghlac Barnabas chuige é, agus thug sé chum na n‐abstal é, agus d’innis sé dhóibh cionnas do chonnaic sé an Tighearna san tslighe, agus gur labhair sé leis, agus cionnas mar labhair sé i nDamascus i n‐ainm Íosa.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach ghlac Barnabas é, gur thug leis chuig na haspail é, agus gur dhearbhaigh dóibh conas a chonaic sé an Tiarna ar an tsli, agus faoin gcaint a labhair sé leis, agus cad é chomh neamh-eaglach agus a rinne sé seanmóireacht sa Damaisc in ainm Íosa.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin thóg Barnabas faoina chúram é agus thug i láthair na n-aspal é, ag aithris dóibh conas mar a chonaic sé an Tiarna ar an mbóthar agus mar a rinne sé comhrá leis agus mar a labhair sé go teann in ainm Íosa i nDamaisc.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)