Acts 9:33 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus fuáir sé ann sin duine áirighe dhar bhainm Enéas, do bhí a bpairilis, agus nar éirigh as a leabaidh feadh ochd mblíadhan.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus fuair sé annsin duine darbh ainm Aenéas, d’fhan ’n‐a leabaidh ar feadh ocht mbliadhan, agus pairilis air.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Fuair sé fear ansin a raibh Aenéas mar ainm air, a bhí in otharluí ocht mbliana agus a raibh an phairilis air.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig sé ar dhuine ann arbh ainm dó Aenéas pairiliseach a bhí ag coimeád na leapa le hocht mbliana anuas.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tháinig sé ar dhuine ann arbh ainm dó Aeinéas–pairiliseach a bhí ag coimeád na leapa le hocht mbliana anuas.