Acts 9:36 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhí baindeisciobal áirighe a Níoppá dar bainm Tabita, (ré a ráitear ar na eidirmhíniughadh Dorcás:) do bhí an bheansa lán do dheaghoibribh agus do dheirce do níodh si.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí i nIoppé deisceabal darbh ainm Tabitá, (ainm chialluigheas, Dorcás): bean do bhí ag sír‐chleachtadh deagh‐ghníomh agus carthannachta.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois bhí deisceabal mná in Ioppa a raibh Tabita nó Dorcas mar ainm uirthi, a chiallaíos gasail nó eilit shléibhe. Bhíodh sí lán de dhéirc agus a lán dea-oibreacha a ndéanamh aici.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí in Iopae bandeisceabal darbh ainm Taibít (Dorcas sa Ghréigis, focal a chiallaíonn «eilit»). Bean ba ea í a raibh a saol tugtha aici i mbun carthanachta agus déirce.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí in Iopae bandeisceabal darbh ainm Tabaite (Dorcas sa Ghréigis, focal a chiallaíonn ‘eilit’). Bean ba ea í a raibh a saol tugtha aici i mbun carthanachta agus déirce.