Acts 9:38 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar mbeith do Liddá a bhfogus do Ioppa, ar bhfagháil sgéul do na deisciobluibh go raibh Peadar ann sin, do chuireadar dís fear chuige, dá íarraidh air, gan muill do dhéanamh ré teachd chuca.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ó bhí Lidda i ngar do Ióppé, ar n‐a chlos do na deisceablaibh go raibh Peadar san áit sin, do chuireadar beirt deisceabal chuige, d’iarraidh d’athchuinge air teacht chuca gan mhoill.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ó bhí Lidda cóngarach do Ioppa, agus ó chuala na deisceabail go raibh Peadar ansin, chuir siad beirt fhear chuige ag cur impí air, “Tar anuas chugainn gan mhoill ar bith, le do thoil.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá Lioda i ngar do Iopae agus nuair a chuala na deisceabail Peadar a bheith san áit, chuir siad beirt fhear chuige á iarraidh air teacht chucu gan mhoill.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá Lide i ngar dʼIopae agus nuair a chuala na deisceabail Peadar a bheith san áit, chuir siad beirt fhear chuige dá iarraidh air teacht chucu gan mhoill.