Acts 9:39 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin ar néirghe do Pheadar tháinic sé ríu. Agus ar dteachd dhó, rugadar súas don tséomra úachdarach é: agus do sheasadar na baintreabhach uile na aice ag cáoi, agus ag taisbéanadh na gcótadh agus na gcúlaidheach do rinne Dorcás, an feadh do bhí sí na bhfochair.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’éirigh Peadar agus chuaidh sé n‐éinfheacht leo. Agus nuair tháinig sé, rugadar suas é go dtí an seomra uachtarach: agus do bhí na baintreabhacha ’n‐a seasamh ’n‐a aice ag gol agus ag taisbeáint na gcótaí agus na gculaitheach do‐rinne Dorcás a fhad agus bhí sí ’n‐a measc.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dʼéirigh Peadar mar sin agus chuaigh sé leo. Agus nuair a shroich sé an áit, tugadh suas chun an tseomra é in uachtar an tí. Agus bhí na baintreacha uile go léir ina seasamh roimhe, agus iad ag sileadh deor, agus ag taispeáint na bhfallaingeacha agus na n‑éadaí a bhí déanta ag Dorcas nuair a bhí sí acu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' éirigh Peadar agus tháinig lena gcois. Ar shroichint na háite dó thug siad in airde chun an tseomra uachtaraigh é. Tháinig na baintreacha go léir chuige ag sileadh deor agus ag taispeáint dó na léinte agus na gcótaí a dhéanadh Dorcas dóibh fad a bhí sí ina beatha.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼéirigh Peadar agus tháinig lena gcois. Ar shroichint na háite dó thug siad in airde chun an tseomra uachtaraigh é. Tháinig na baintreacha go léir chuige ag sileadh deor agus ag taispeáint dó na léinte agus na gcótaí a dhéanadh Dorcas dóibh fad a bhí sí ina beatha.