Acts 9:40 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar gcur amach gach a ráibh a sdigh, ar na ligean féin ar a ghlúinibh do Pheadar, do rinne sé urnaighe; agus ar bhfilleadh chum an chuirp a dubhairt sé, Eírigh, a Thabita. Agus dosgail sisi a súile, agus ar bhfaicsin Pheadair dhi, déirigh sí na suídhe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht do chuir Peadar iad go léir amach, agus do leig sé é féin ar a ghlúnaibh, agus do‐rinne sé urnaighe; agus ag iompodh chum an chuirp, adubhairt sé, A Thabitá, éirigh. Agus d’fhoscail sí a súile; agus nuair do chonnaic sí Peadar, d’éirigh sí aniar.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach chuir Peadar iad uile amach as an seomra, agus chuaigh sé ar a ghlúine go ndearna sé urnaí; thug sé aghaidh ar an gcorp ansin agus ar seisean, “A Thabita, éirigh suas.” Agus dʼoscail sí a súile, agus nuair a chonaic sí Peadar dʼéirigh sí ina suí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach chuir Peadar gach duine acu amach agus chaith sé é féin ar a ghlúine ag guí. Ansin d' iompaigh sé chun an choirp, á rá: «A Thaibít, éirigh i do shuí.» D' oscail sise a súile agus ar fheiceáil Pheadair di, d' éirigh sí aniar.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach chuir Peadar gach duine acu amach agus chaith sé é féin ar a ghlúine ag guí. Ansin dʼiompaigh sé chun an choirp, dá rá: “A Thabaite, éirigh i do shuí.” Dʼoscail sise a súile agus ar fheiceáil Pheadair di, mʼéirigh sí aniar.