Acts 9:6 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar mbeith do Shául ar crith agus lán dúathbhas a dubhairt sé, A Thighearna, créud is áil leachd do dhéunamh dhamh? Agus a dubhairt an Tighearna ris, Eiridh, agus imthigh a sdeach don chathruigh, agus foillséochar dhuit créud is cóir dhuit a dhéunamh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
acht éirigh, agus téigh isteach san gcathair, agus innseochar duit créad atá le déanamh agat.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ach éirigh i do sheasamh agus gabh isteach sa chathair, agus inseofar duit cad é a bheas le déanamh agat.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach éirigh i do sheasamh, gabh isteach sa chathair agus déarfar leat cad is déanta duit.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach éirigh i do sheasamh, gabh isteach sa chathair agus déarfar leat cad is déanta duit.”