Amos 6:10 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tóigfe dearbhrathair a athar súas é, agus an té loisgios é, do thabhairt a chnámh amach as an ttigh, agus a déara sé ris an té bhías ag táobhuibh an tighe, An bhfuil duine ar bioth agad? agus a déara seision, Ní bhfuil. Annsin a déara seision, Coisg do theanga: óir ní fhéadmaoidne teacht thar ainm an TIGHEARNA.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An fear gaoil a iompraíonn na cnámha amach as na tithe chun iad a dhó, déarfaidh sé leis an té atá sa chuid is sia isteach den teach: «An bhfuil aon duine i do chuideachta fós?» Freagróidh seisean: «Níl! bí i do thost! caithimid gan ainm an Tiarna a lua.»