Amos 7:17 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uimesin is marso a deir an TIGHEARNA; Biáidh do bhean na meirdrigh annsa chathruigh, agus tuitfid do mhic agus hingheana leis an ccloidheamh, agus roinnfighear thfearann le dorubha; agus do gheabha tú bás a bhfearann thruáillighthe: agus rachaidh Israel go deimhin a ndaoirsine as a ndúithche.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Maith go leor, seo mar a deir an Tiarna: «Rachaidh do bhean le striapachas sa chathair, titfidh do mhic agus do iníonacha leis an gclaíomh, roinnfear d' fhearann leis an dorú, gheobhaidh tú féin bás ar thalamh truaillithe, agus rachaidh Iosrael ar deoraíocht i bhfad i gcéin óna thír dhúchais.»