Colossians 1:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír is leisean do crúthuigheadh na huile neithe, noch atá ar neamh, agus ar talamh, sófhaicsigh agus dófhaicsigh, más árdchaithireacha íad, nó tíghearnuis, nó úachdaránachd, nó cúmhachda: as leision agus ar a shonsan, do crúthugheadh íad uile:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
óir is ann do cruthuigheadh gach nidh d’á bhfuil ar neamh agus ar talamh, idir neithe so‐fheicsiona agus neithe dofheicsiona, cia aca righ‐chathaoireacha, nó tighearnaisí, nó flaitheasa, nó cumhachta iad: is tríd‐sean agus chuige‐sean do cruthuigheadh iad go léir;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ós ann a cruthaíodh a bhfuil ann idir a bhfuil ar neamh agus ar talamh, idir shofheicseanach agus dhofheic-seanach, idir ríochtaí agus thiarnais agus fhlaithis agus údaráis—níl ní ann nár cruthaíodh tríd agus chuige.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
mar is trídsean a cruthaíodh a bhfuil ar neamh agus ar talamh bídís sofheicthe nó dofheicthe, idir Thróin agus Thiarnais idir Phrionsachtaí agus Chumhachtaí. Is trídsean agus dósan a cruthaíodh an t-iomlán.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
mar is trídsean a cruthaíodh a bhfuil ar neamh agus ar talamh bídís sofheicthe nó dofheicthe, idir Thróin agus Thiarnais idir Phrionsachtaí agus Chumhachtaí. Is trídsean agus dó-san a cruthaíodh an t-iomlán.