Colossians 1:22 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A gcorp a fhéola féin tré bhás, chum bhur ndéunta náomhtha glan agus neimhchiontach na fhíadhnuise féin:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
sibh réidhtighthe leis anois tré chorp a fheola de bhárr an bháis, chum sibh do thabhairt naomhtha, gan locht, gan cionnta ’n‐a fhiadhnaise,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ach tá sibh anois tugtha chun athmhuintearais aige ina bhás lena chorp collaí, ionas go dtabharfar sibh os a chomhair naofa neamhchoireach gan locht,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ach tá athmhuintearas déanta aige anois libh trína bhás ina chorp collaí d' fhonn sibh a thabhairt ina láthair go naofa gan cháim gan locht.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
ach tá athmhuintearas déanta aige anois libh trína bhás ina chorp collaí dʼfhonn sibh a thabhairt ina láthair go naofa gan cháim gan locht.