Colossians 1:23 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Má chómhnuigheann sibh go fonndameinteach daingean sa gcreideamh, gan bheith dhíbh ar bhur nathrughadh ó mhuinighin an tsoisgéil, noch do chúalabhair, agus do rinneadh sheanmóir dá gach uile chreatúr atá faói neamh, dá bhfuilimse Pól am mhinisdir;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
acht go seasuighidh sibh go daingean ar bhun an chreidimh, gan casadh i leathtaobh ó dhóchas an tsoiscéil do chualabhar, do craobhscaoileadh i measc gach a bhfuil cruthuighthe fá neamh, go bhfuilim‐se Pól im’ mhinistir de.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ar choinníoll go bhfanfaidh sibh dílis don chreideamh, go staidéarach seasmhach, gan bheith do bhur gcorraí as bhur ndóchas sa soiscéal a chuala sibh, agus a foilsíodh do gach dár cruthaíodh faoi neamh, an soiscéal ar ceapadh mise, Pól, le bheith i mo dhuine dá lucht freastail.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní mór daoibh, áfach, fanacht bunaithe go daingean ar an gcreideamh, agus gan bogadh ón dóchas a lasadh ionaibh ag an dea-scéal atá cloiste agaibh agus atá fógartha don uile dhuine faoin spéir agus a bhfuilimse, Pól, i mo mhaor air.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní mór daoibh, áfach, fanacht bunaithe go daingean ar an gcreideamh, agus gan bogadh ón dóchas a lasadh ionaibh ag an dea-scéal atá cloiste agaibh agus atá fógartha don uile dhuine faoin spéir agus a bhfuilim-se, Pól, i mo mhaor air.