Colossians 1:24 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Noch do ní a nois gairdeachas ann sna neithibh fhuilingim ar bhur sonsa, agus choimhlíonas fuigheall buáidheartha Chríosd am fheóil ar son a chuirpsion, eadhon a neagluis:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do‐ghním gáirdeachas anois i lár mo bhuaidheartha ar bhur son, agus líonaim suas im’ fheoil féin an méid de phiantaibh Chríost atá i n‐easnamh ar son a chuirp,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois, bíonn lúcháir orm faoi na piantaí a fhulaingím ar bhur son, agus críochnaím i mo cholainn féin an méid nach bhfuil fulaingthe de chruatan ag Críost ar son a choirp féin, is é sin ar son na heaglaise.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is cúis áthais domsa a bhfuil á fhulaingt anois agam ar bhur son. Cibé easnamh a bhí ar pheannaidí Chríost táimse a dhéanamh suas i mo cholainn féin ar mhaithe lena chorpsan, is é sin, ar mhaithe leis an Eaglais.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is cúis áthais dom-sa a bhfuil dá fhulaingt anois agam ar bhur son. Cibé easnamh a bhí ar pheannaidí Chríost táim-se dá dhéanamh suas i mo cholainn féin ar mhaithe lena chorpsan, is é sin, ar mhaithe leis an Eaglais.