Colossians 1:25 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Dá ndearnadh minisdir dhíom, do réir fheadhmanntuis Dé tugadh dhamh bhur dtáobhsa, chum breithre Dé do choimhlíonadh;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
is é sin ar son na h‐eaglaise; d’á ndearnadh ministir díom, do réir an chúraim do chuir Dia orm ar bhur son, chum briathar Dé do chóimhlíonadh go h‐iomlán,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tá mise i mo fhreastalaí inti de réir an tsocraithe atá déanta ag Dia liom in bhur gcoinne, le briathar Dé a léirnochtadh,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Rinneadh maor ar an Eaglais díomsa de bharr an chúraim a thug Dia dom le déanamh daoibhse, mar atá briathar Dé á fhógairt ina iomláine:
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Rinneadh maor ar an Eaglais díom-sa de bharr an chúraim a thug Dia dom le déanamh daoibhse, mar atá briathar Dé a fhógairt ina iomláine: