Colossians 1:3 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Beirmíd a bhuidhe ré Día agus ré Hathair ar Dtíghearna Iosa Críosd, ag déunamh urnuighe do shíor ar bhur sonsa,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do‐bheirimíd buidheachas le Dia, Athair ár dTighearna Íosa Críost, ag guidhe i gcómhnaidhe ar bhur son,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bímid i gcónaí ag tabhairt altú buíochais do Dhia, Athair ár dTiarna Íosa Críost, nuair a bhímid ag guí oraibh,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Gach uair dá mbímid ag guí, gabhaimid buíochas le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, mar gheall oraibh,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Gach uair dá mbímid ag guí, gabhaimid buíochas le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, mar gheall oraibh,