Colossians 2:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann a bfuilti mar an gcéudna timchillgearrtha ré timchillghearradh nach láimhdhéunta, ag cur chuirp pheacuidh na féola dhíbh tré thimchillghearradh Chríosd:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
’n‐ár timcheall‐ghearradh sibh le timcheall‐ghearradh nach ndearnadh le lámhaibh, leis an timcheall‐ghearradh atá i gCríost, ag cur cuirp na feola dhíbh; ó h‐adhnachadh sibh mar aon leis san mbaisteadh,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is ann lena chois sin a fuair sibh timpeallghearradh nach ndéantar le láimh dhaonna, ag cur corp na colainne díbh i dtimpeallghearradh Chríost;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is ann freisin a timpeallghearradh sibhse ach ní leis an timpeallghearradh a rinneadh le láimh an duine é ach le timpeallghearradh Chríost, trínar baineadh an nádúr collaí anuas díbh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is ann freisin a timpeall-ghearradh sibh-se ach ní leis an timpeall-ghearradh a rinneadh le lámh an duine é ach le timpeall-ghearradh Chríost, trínar baineadh an nádúr collaí anuas díbh.