Colossians 2:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus nach ccongmhann sé an Ceann, as a bhfághann an corp uile ar mbeith dhó gan uireasbhaidh dlíthuighe ré chéile, tré altuibh, agus tré choimhcheangaltuibh, fás tré fhás Dé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
gan greim do choimheád ar an gCeann, ó n‐a méaduigheann an corp uile le fás ó Dhia, agus é d’á chothú agus d’á shnaidhmeadh le chéile le h‐altaibh agus le lúitheachaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
duine nach bhfuil aon ghreim aige ar an gCeann, a bhfuil an corp uile ag brath air, agus é á fhí leis le féitheacha agus á chothú uaidh le cuislí, agus Dia ag cur fáis faoi.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus níl aon cheangal idir é agus an ceann a thugann cothú don chorp ar fad agus a shnaidhmeann le chéile é lena chuid alt agus ballnasc agus a chuireann ag fas é mar is áil le Dia.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus níl aon cheangal idir é agus an ceann a thugann cothú don chorp ar fad agus a shnaidhmeann le chéile é lena chuid alt agus ballnasc agus a chuireann ag fás é mar is áil le Dia.