Colossians 2:20 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin má fúarabhair bás má ráon ré Críosd ó chéudthosuighibh an domháin, créd, fá bhfuil sibh mar dhaóinibh chaitheas a mbeatha sa sáoghal, ag leanmhuin dórduighthibh,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Má’s fíor go bhfuil sibh básuighthe i n‐éinfheacht le Críost ó dhúlaibh an domhain, cad chuige dhaoibh géilleadh do reachtaibh mar dhéanfadh daoine mhaireas san tsaoghal so.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Má fuair sibh bás agus buanéag i gcuideachta Chríost do spridí dhúl na hollchruinne, cad chuige daoibh bheith ag eagrú bhur mbeatha ar nós an tsaoil seo? Cad chuige bheith ag géilleadh do rialacháin?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ós rud é go bhfuil sibh básaithe mar aon le Críost agus reidh le dúile an tsaoil, cad ab áil libh bheith ag géilleadh do rialacha ar nós:
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ós rud é go bhfuil sibh básaithe mar aon le Críost agus reidh le dúile an tsaoil, cad ab áil libh a bheith ag géilleadh do rialacha ar nós: