Colossians 2:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír bíodh nach bhfuilim bhur láthair sa gcoluinn, gidheadh atáim bhur láthair sa sbioruid, ag déunamh gáirdeachais agus ag féuchain bhur nórduighe, agus dhaingne bhur gcreidimh a Gcríosd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir, gidh go bhfuilim as láthair san gcolainn, atáim ’n‐bhur láthair san spiorad, ag déanamh gáirdeachais agus ag breathnú an eagair atá oraibh, agus ag breathnú seasmhachta bhur gcreidimh i gCríost.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar cé go bhfuil mé as láthair go corportha táim libh go spioradálta, agus áthas orm leis an eagar maith atá oraibh agus an creideamh daingean atá agaibh i gCríost a fheiceáil.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar, más ea féin go bhfuilim i bhfad uaibh i bpearsa, táim faraibh sa spiorad, agus is cúis áthais dom sibh a fheiceáil in ord agus in eagar, agus a dhaingne atá bhur gcreideamh i gCríost.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mar, más ea féin go bhfuilim i bhfad uaibh i bpearsa, táim faraibh sa spiorad, agus is cúis áthais dom sibh a fheiceáil in ord agus in eagar, agus a dhaingne atá bhur gcreideamh i gCríost.