Colossians 2:7 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar mbeith dhíbh ar bhur bhfréumhughadh agus ar bhur bhfollamnúghadh ann, agus ar bhur ndaingniughadh sa gcreideamh, do réir mar do theaguisgeadh sibh, ag líonadh ann díbh maille ré breith bhuídheachais.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
siubhlaidh ann d’á réir, sibh fréamhuighthe agus daingnighthe ann, fá mar tugadh teagasc daoibh, ag dul i méid ann le lán‐bhuidheachas.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus a fhréamhófar agus a bhunófar sibh ann sa chreideamh, mar a múineadh daoibh é, agus altú go minic in bhur mbéil.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bígí préamhaithe ann agus bunaithe air agus daingean sa chreideamh faoi mar a múineadh daoibh é, agus bígí lán de bhuíochas.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bígí préamhaithe ann agus bunaithe air agus daingean sa chreideamh faoi mar a múineadh daoibh é, agus bígí lán de bhuíochas.