Colossians 2:8 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Tabhruidh bhur naire ribh nach meallfuidh éinneach sibh tré fheallsámhnachd agus tré mhealltóireachd dhiomhaíun, do réir thráchduighe na ndaóine, do réir chéudthosuigheadh an dómhuin, agus ní do réir Chríosd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Seachnaidh an meallfadh aoinneach le n‐a fheallsamhnacht agus le n‐a bhaoth‐theagasc sibh, do réir béaloidis daoine, do réir dúla an domhain, agus ní do réir Chríost:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bígí ar bhur bhfaichill gan ligean dʼaon duine bhur gcreach a dhéanamh le feallsúnacht agus le cluanaireacht fholamh fhealltach, de réir nósanna daonna, de réir spridí bhundúl na hollchruinne, agus gan bheith de réir Chríost.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bígí aireach, áfach, le heagla go mbuailfeadh aon duine bob oraibh leis an bhfealsúnacht bhaoth mhealltach úd a leanann traidisiúin dhaonna agus atá bunaithe ar phrionsabail an tsaoil in áit a bheith bunaithe ar Chríost.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)