Colossians 3:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Mar nach bhfuil Gréugach agus Iúduighe, timchillghearradh agus neamhthimchillghearradh, duine barbartha, agus Scitían, dáor agus sáor: achd Críosd na uile agus ann sna huilibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ní fhuil Gréagach ná Iúdach ann, ní fhuil timcheall‐ghearradh ná neamh‐thimcheall‐ghearradh, barbarach, Scitidheach, daor ná saor ann, acht is é Críost an t‐iomlán, agus é san iomlán.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Níl áit anseo do Ghréagach ná do Ghiúdach, do thimpeallghearradh agus dá athrach, do bharbarach agus do Scítheach, do shaor agus dhaor, ó nach bhfuil ann ach Críost, ó nach bhfuil ní ann gan Chríost ann.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní Giúdach ná Gréagach atá ann feasta, duine timpeallghearrtha ná duine gan timpeallghearradh, barbarach ná Scíotach, saor ná daor ach Críost amháin Críost an Uile agus é san uile ní.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní Giúdach ná Gréagach atá ann feasta, duine timpeallghearrtha ná duine gan timpeall-ghearradh, barbarach ná Scitiach, saor ná daor ach Críost amháin–Críost an Uile agus é san uile ní.