Colossians 3:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin cuiridh iomuibh, mar chloinn thoghtha, náomhtha ionmhuin Dé, innighe trócaire, cáoine, úmhlachd inntinne, ceandsachd, agus foighid;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhrigh sin, mar dhéanfadh clann toghtha Dé, naomhtha agus ionmhain, cuiridh umaibh croidhe trócaire, muinntearas, umhlacht, macántacht, fad‐fhulang;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cuirigí oraibh mar sin, mar a dhéanfaidh na daoine naofa grámhara a thogh Dia, trócaire, cineáltas, ceansacht, agus foighne,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dá bhrí sin, ós sibhse an pobal tofa, pobal naofa muirneach Dé, cuirigí umaibh trua croí, cineáltas, uirísle, ceansacht agus foighne.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dá bhrí sin, ós sibh-se an pobal tofa, pobal naofa muirneach Dé, cuirigí umaibh trua croí, cineáltas, uirísle, ceansacht agus foighne.