Colossians 3:16 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Bíodh bríathar Chríosd na comhnuide ionnuibh go saidhbhir sa nuile éagna; dá bhur múnadh agus dá bhur dteagasg féin a salmuibh agus a bhfonnuibh molta Dé, agus a gcainticibh sbioradálta ag déunamh ceóil don Tíghearna ann bhur gcroidhthibh maillé ré gean.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Déanadh briathar Críost cómhnaidhe go fairsing san uile eagna ionnaibh; ag múineadh agus ag spreagadh a chéile le salmaibh, agus le h‐iomnaibh, agus le dántaibh spioradálta, ag cantaireacht do Dhia le grása ’n‐bhur gcroidheachaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cónaíodh briathar Chríost ionaibh go hiomadúil agus sibh ag tabhairt teagaisc agus tromchomh-airle dá chéile go críonna ciallmhar, agus sailm agus dánta diaga á gceol agus á gcanadh agaibh ag altú do Dhia ó chroíthe lán de bhuíochas.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bíodh briathar Chríost ina chónaí faoi rath in bhur measc. Déanaigí a chéile a chomhairliú agus a theagasc le barr eagna. Canaigí sailm agus iomainn agus laoithe spioradálta in ómós do Dhia agus buíochas in bhur gcroí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)