Colossians 4:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus Iósa, da ngoirthear Iustus, noch as don timchillghearradh, A síad amháin mo luchd cúngantasa do chum ríoghachda Dé, agus a síad bá fhurtachd damh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
má thagann sé chugaibh, glacaidh leis), agus Iésus, go dtugtar Iustus mar ainm air; beirt de lucht an timcheall‐ghearrtha iad‐san: is iad‐san amháin do bhí ’n‐a gcómh‐oibridhthibh i n‐éinfheacht liom ar son ríoghachta Dé, fir do bhí mar shólás croidhe dhom.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus Íosa dar chomhainm Iustus. Níl ach iadsan den dream timpeallghearrtha atá ag comhoibriú liom ar son ríocht Dé, agus ba shólás dom iad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cuireann Íosa, dá ngairtear Iústas, a bheannacht chugaibh freisin. Sin iad na haon daoine de lucht an timpeallghearrtha atá ag cabhrú liom chun ríocht Dé a leathadh agus is sólás dom iad.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Cuireann Íosa, dá ngairtear Iústas, a bheannacht chugaibh freisin. Sin iad na haon daoine de lucht an timpeallghearrtha atá ag cabhrú liom chun Ríocht Dé a leathadh agus is sólás dom iad.