Colossians 4:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Cuiridh Epaphras, searbhfhoghantuidhe Chríosd, noch is díbh féin, beannachd chuguibh, ag déunamh sbárna do shíor a núrnuighibh ar bhur son, chum seasda dhíbh go diongmhálta agus líonta a nuile thoil Dé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Epafras, duine dhíbh féin, seirbhíseach Íosa Críost, beannuigheann seisean daoibh, agus é ag spairn gan stad ’n‐a urnaighthibh ar bhur son, g‐á ghuidhe go seasfaidh sibh go diongbhálta, lán‐dearbhtha de thoil Dé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tá Epafras, atá ina dhuine díbh féin, agus ina sheirbhíseach ag Íosa an Críost, ag beannú daoibh, agus ag cuimhneamh oraibh de shíor ina phaidreacha, go mbeidh sibh lánaibí agus lándeimhnithe i ngach ní is toil le Dia.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cuireann seirbhíseach Íosa Críost, Eipeafras, a bheannacht chugaibh; duine díbh féin is ea é agus bíonn sé ag guí go dúthrachtach oraibh gan stad, á iarraidh sibh a choimeád go daingean diongbháilte ag comhlíonadh toil Dé go hiomlán.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Cuireann seirbhíseach Íosa Críost, Eipeafras, a bheannacht chugaibh; duine díbh féin is ea é agus bíonn sé ag guí go dúthrachtach oraibh gan stad, dá iarraidh sibh a choimeád go daingean diongbháilte ag comh-líonadh thoil Dé go hiomlán.