Colossians 4:6 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Bíodh bhur gcomhrádh do ghnáth grásamhuil, ar na thumadh a salann, ionnas go mbíadh a fhios aguibh cionnas as coir dhíbh gach áon do fhreagra.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Bíodh salann an ghrása mar bhlás ar bhur gcainnt, chum go mb’ eol daoibh freagra do thabhairt do gach aoinneach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bíodh gnaoi ar bhur mbriathra, agus déanaigí blasta iad le gráinne salainn, ionas go mbeidh fhios agaibh cad é an freagra is fearr a oireas don duine a bhfuil tú ag plé leis.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bíodh bhur gcomhrá leo go suáilceach deisbhéalach i gcónaí ionas go bhféadfadh sibh an freagra pras a thabhairt do chách.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bíodh bhur gcomhrá leo go suáilceach deisbhéalach i gcónaí ionas go bhféadfaidh sibh an freagra pras a thabhairt do chách.