Colossians 4:7 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Foillséochuidh Tichicus, dearbhráthair grádhach agus minisdir díleas, agus cómhshearbhfhoghantúidhe sa Dtíghearna, mo chórsa uile dhíbh:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Tichicus, bráthair ionmhain, agus ministir dílis, agus cóimhsheirbhíseach san Tighearna, bhéarfaidh seisean scéala dhaoibh fám’ ghnóthaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Inseoidh Ticicus daoibh faoi mo chúrsaí uile; is ionúin an bráthair é agus é ina fhreastalaí dílis agus ina chomh-sheirbhíseach agam don Tiarna.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tabharfaidh an bráthair ionúin Tichíceas tuairisc iomlán daoibh ar mo chúrsaíse. Seirbhíseach dílis is ea é agus comhsclábha domsa sa Tiarna
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tabharfaidh an bráthair ionúin Tichíceas tuairisc iomlán daoibh ar mo chúrsaí-se. Seirbhíseach dílis is ea é agus comhsclábhaí dom-sa sa Tiarna