Daniel 1:4 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Clann ann nach raibh aineamh ar bioth, acht íad sgíamhach, agus glic ann sa nuile eagna, agus géarchúiseach san nuile éolus, agus ealadhuin thuigsionuigh, agus drong agá raibh cumas ionta chum seasta a bpálás an righ, agus da múinfedís foghluim agus teanga na Ccaldeánach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ógáin gan ainimh, álainn ina scéimh agus oilte i ngach dán, le bua eagna agus le tuiscint ar léann, agus é ar a gcumas fónamh i bpálás an rí; agus teanga na gCaildéach a mhúineadh dóibh seo.