Daniel 10:19 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dúbhairt, A dhuine air a bhfuil róghrádh, ná bíodh eagla ort: síothcháin maille riot, bí láidir, fós, bí láidir. Agus a nuáir do labhair sé riom, do neartuigheadh mé, agus a dúbhairt, Labhradh mo thighearna; óir do neartuigh tú mé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt sé: «Ná bíodh eagla ortsa, dá dtugtar mórghrá; síocháin duit! Bíodh neart agat is misneach ort!» Fad a bhí sé ag labhairt liom, bhraith mé neart ag teacht ionam agus dúirt mé: «Labhraíodh mo thiarna, mar neartaigh tú mé.»