Daniel 11:36 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do dhéana an rígh dó réir a thola féin; agus áirdeochuidh sé é féin, agus méideochuidh sé é féin ós cionn gach uile dhée, agus laibheoruidh sé neithe iongantacha a naghaidh Dé na ndía, agus béaruidh sé buáidh nó go ccríochnuighthior an nfearg: do bhrígh gur bé an ní do cinneadh do dhéantar.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Déanfaidh an rí de réir a thola, á mhóradh agus á ghloiriú féin thar gach dia; tabharfaidh sé maslaí uafásacha do Dhia na ndéithe; rithfidh leis go gcomhlíonfar an fhearg, mar tabharfar chun críche a bhfuil beartaithe.