Daniel 3:26 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Annsin tháinic Nebuchadnessar láimh re béul na fuirnísi loísgnigh teineadh, agus do labhair, agus a dubhairt, A Shadrach, Mhesach, agus Abednego, sibhsi a sheirbhísigh an Dé is ro áirde, tigidh amach, agus tigidh annso. Annsin tháinic Sadrach, Mesach, agus Abednego, amach as lár na teineadh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
93 Ansin dhruid Nabúcadnazar le béal na foirnéise ag spréacharnach le lasair agus dúirt: «A Sheadrac, a Mhéiseac, a Aibéid Neagó, a fhónann don Dia ro-ard, tagaigí amach, agus tagaigí anseo.» Ansin tháinig Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó amach as lár na tine.