Daniel 4:37 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Anois misi Nebuchadnessar moluim agus árduighim agus onóruighim Rígh neimhe, ar fírinne a oibreacha uile, agus gur breitheamhnus a shlighthe: agus an drong shiubhluighios a núabhar féuduigh sé a nísliughadh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
34 Anois, mise Nabúcadnazar molaim, móraim agus glóirím Rí neimhe, mar is fíréan iad a oibreacha go léir, agus is cóir iad a shlite uile, agus is féidir leis lucht uaibhreach iompar a ísliú.