Daniel 5:16 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chúala mé dot thaoibhsi, go bhféudann tú cíallughadh, agus fúascladh ceastann: a nois má fhéadann tú an scríbhinnsi do léaghadh, agus a cíall dinnisin damhsa, éideochar lé scáirléad thú, agus biáidh slabhradh óir fád bhrághaid, agus biáidh tú ad threas úachdarán annsa rioghacht.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuala mé á rá é go bhfuil ar do chumas mínithe a thabhairt agus fadhbanna a réiteach. Anois má fhéadann tú an scríbhinn seo a léamh agus a ciall a fhoilsiú dom, cuirfear éide chorcra umat, slabhra óir ar do mhuineál, agus beidh tú ar an tríú rialtóir sa ríocht.»