Daniel 5:21 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do díothchuireadh é ó mhacaibh na ndaóine; agus do rinneadh a chroidhe cosmhuil ris na beathachaibh, agus do bhí a chomhnuidhe a bhfochair na nassal bhfíadhta: do bhíathadar é lé féur amhuil daimh, agus do bhí a chorp fliuch lé drúcht neimhe; nó gur thuig sé gur bé an Día is ro áirde ríaghlas a rioghachd na ndaóine, agus go nórduighionn sé ós a ccionn an té is áill leis.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Díbríodh ó chomhluadar daoine é agus chuaigh a chroí i gcosúlacht le croí na mbeithíoch; lonnaigh sé leis na hasail fhiáine; d' ith sé féar dála an daimh; fliuchadh a chorp ó dhrúcht neimhe chun go raibh a fhios aige gurb é an té is Airde a rialaíonn ríocht na ndaoine, agus go gcuireann sé an té is mian leis ina feighil.