Daniel 5:7 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Dfúagair an rígh go hárd na hastroluighthe, na Caldéanuigh, agus an lucht áisdine do thabhairt a steach. Agus do labhair an rígh, agus a dubhairt ré daóinibh eagnuighe na Babilóine, Gidh bé ar bioth léighfios an scríbhinnsi, agus thaisbeanfus a cíall damhsa, éideochar é lé scáirléad, agus do gheabhuidh sé slabhradh óir timchioll a bhrághad, agus biáidh sé na threas úachtarán san rioghacht.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ghlaoigh an rí go hard go dtabharfaí draoithe, Caildéigh agus astralaithe isteach. Dúirt an rí le saoithe na Bablóine: «Cibé a léifidh an scríbhinn seo agus a léireoidh a ciall dom, cuirfear éide chorcra uime, slabhra óir ar a mhuineál, agus beidh sé ar an tríú rialtóir sa ríocht.»