Daniel 6:7 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do chomhairlighiodar uile úachdaráin na rioghachda, na riaghlóirigh, na prionnsadha, na comhairligh, agus na caiptínigh lé chéile, statúid ríoghamhuil do dhaingniughadh, agus órdughadh daingion do dhéanamh, gidh bé íarrfas athchuinge ar bioth air Dhía air bith nó air dhuine air feadh tríochad lá, acht ortsa, a rígh, a theilgion a núaimh na leomhan.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
8 Uachtaráin do ríochta, ceannairí, satraip, airí agus rialtóirí táimidne uile d' aonaigne gur chóir don rí reacht a rith agus ordú mar a leanas a fhógairt: Cibé a iarrfaidh achainí ar bith ar aon Dia nó ar aon duine ach ortsa amháin ar feadh tríocha lá, é a theilgean isteach in uaimh na leon.