Daniel 8:4 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do chonnairc mé an reithe ag gabháil, síar, agus budh thúaigh, agus budh dheas; ionnus nach seasfaidís beathuigh ar bith ris, nó áon do fhéadfadh ní do sháoradh as a láimh; acht do rinne do réir a thola féin, agus dfás sé mór.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chonaic mé an reithe ag sá lena adharc siar, ó thuaidh, agus ó dheas. Níor fhéad ainmhí seasamh ina aghaidh, ná níor fhéad aon ní fuascailt óna ghreim. Rinne sé mar ba mhian leis agus tháinig borradh air.