Daniel 9:7 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
O a Thighearna, fíreuntachd dhlighios tusa, acht sinne náire aightheach, amhuil atá a níugh; do mhuinntir Iúdah, agus do áitreabhthachaibh Ierusalem, agus do Israel uile, atá a bhfogus, agus a nimchéin, air feadh na nuile thíorthann ionar dhíothchuir tusa íad, do bhrígh a bpeacuidh noch do pheacuigheadar ad aghaidhsi.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is leatsa an fhíréantacht, a Thiarna, ach orainne tá ceann faoi amhail atá an lá seo féin, ar mhuintir Iúdá, ar áitritheoirí Iarúsailéim, ar Iosrael uile, i mbaile agus i gcéin sna tíortha uile inar dhíbir tú iad toisc tú a bhrath mar a rinne siad.