Deuteronomy 1:22 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus tangabhair a ngar dhamhsa gach áon aguibh, agus a dubhrabhair, Cuirfeam dáoine romhuinu, agus spíonfuid dhúinn an dúthaigh, agus do bhéaruid scéula chuguinn cía an tslighe a gcaithfeam dul súas, agus cía híad na caithreacha ann a racham.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin tháinig sibh go léir chugam á rá: 'Seolaimis romhainn lucht braite na tíre; tabharfaidh siad scéala chugainn cén bealach ar a bhfuilimid le gabháil suas agus cad iad na cathracha ina dtriallfaimid.»