Deuteronomy 15:7 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Má bhíonn láimh riot duine bochd áon dot dhearbhráithribh táobh a stigh dáon dot dhoirsibh ann do dhúithche noch do bheir do THIGHEARNA Día dhuit, ní chrúaidheocha tú do chroidhe, agus ni dhruidfe tú do lámh ód dhearbhrathair bochd:
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Má tá bochtán láimh leat, duine de do bhráithre in aon bhaile de do chuid sa tír atá an Tiarna á thabhairt duit, ná cruaigh do chroí agus ná dún do dhorn in aghaidh an bhochtáin bhráthar sin agat.