Deuteronomy 16:11 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do dhéana tú gáirdeachus a lathair do THIGHEARNA Dé, thú féin, agus do mhac, agus hinghion, hóglach, agus do bhanóglach, agus an Lebhíteach noch atá táobh a stigh dot dhoirsibh, agus an coimhightheach, agus an dílleachda, agus an bhaintreabhach, bhías bhur measc, san náit noch thoighfeas do THIGHEARNA Día do chur a anma ann.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Déan lúcháir i láthair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia mar áitreabh dá ainm tú féin agus do mhac agus d' iníon, do shearbhónta fir agus mná, agus an Léivíteach atá ag cur faoi i do bhailte, agus an deoraí, agus an dílleachta, agus an bhaintreach, a chónaíonn in bhur measc.