Deuteronomy 20:19 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ A nuáir bhías tú re haghuidh caithreach a bhfad, ag déanamh cogadh na haghaidh chum a gabhala, ní ghearrfa tú a gcrainn ag búaladh tuáighe ionta: óir féadfa tú ithe dhíobh, agus ní ghearrfá tú síos íad (óir sé crann an mhachaire beatha an duine) dá ccur á bfeidhm annsa ccampa.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Nuair a bhíonn cathair faoi léigear agat ar feadh i bhfad, agus tú á hionsaí, d' fhonn í a ghabháil, ná loit a cuid crann ag imirt faobhar tua orthu; caith a dtoradh, ach ná leag iad. An daoine daonna na crainn sa mhachaire a rá is go gcuirfeá léigear orthusan leis?