Deuteronomy 22:24 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin do bhéarthaoi íad araon amach go geata na caithreach, agus clochfuidhe lé clochuibh íad nó go bhfuighid bás; an cailin, do chionn nar éigh sí, air mbeith dhi annsa ccathruigh; agus an fear, do chionn gur thruaill sé bean a chomharsann: mar sin chuirfídhe an tolc ar gcúl uáibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
beirigí iad araon libh amach go geata na cathrach sin agus cuirigí chun báis de chlocha iad an bhean óg mar nár liúigh sí ag lorg cabhrach agus í sa chathair, agus an fear mar gur thruailligh sé bean a chomharsan. Ní foláir duit an t-olc seo a dhíbirt ó bhur measc ar an tslí sin.